Dianchúrsaí Gaeilge
Dianchúrsaí Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí Seachtaine
Táille Theagaisc: €320
Meánrang & Ardrang:
- Cúrsa A: 13/05/2024 - 17/05/2024
- Cúrsa B: 24/06/2024 - 28/06/2024
Tá tacaíocht iomlán na rannpháirtithe riachtanach leis an tairbhe is fearr a bhaint as an gcúrsa. Is trí Ghaeilge a reáchtáiltear gach uile ghné den chúrsa idir theagasc, imeachtaí sóisialta, lóistín srl.
Le háit a chinntiú ar an gcúrsa, ní mór foirm iarratais a bheith comhlánta mar aon leis an táille theagaisc a bheith íoctha:
- faoin 18/04/2024 do Chúrsa A (13 – 17/05/2024)
- faoin 30/05/2024 do Chúrsa B (24 – 28/06/2024)
Is féidir leat glaoch ar an oifig (Luan go hAoine) le sonraí do chárta creidmheasa/dochair leis an íocaíocht a dhéanamh ar an bhfón ag 091 494600 nó 091 494606 idir 09.30 - 16.00.
* Tá sé de cheart ag Ollscoil na Gaillimhe aon chúrsa a chur ar ceal de bharr easpa éilimh. Aisíocfar na táillí sa chás sin.
Lóistín
Má tá lóistín uait cuirtear lóistín iomlán (Bricfeasta, Lón, Dinnéar 3 chúrsa) ar fáil i dtithe príobháideacha an cheantair, le teaghlaigh a labhraíonn Gaeilge. Tugtar an-deis an teanga a shaibhriú, a shealbhú agus a bhuanú, agus éiríonn le go leor daoine líofacht a bhaint amach ar an gcaoi seo.
Táille Lóistín:
- €240.00: Ag roinnt seomra (le rannpháirtí amháin eile)
- €350.00: Seomra Singil
Ó oíche Dhomhnaigh (an suipéar san áireamh) go dtí tráthnóna Aoine (an lón san áireamh).
Costas lóistín le híoc le Bean an Tí.
Le clárú
Is féidir cliceáil anseo le clárú don chúrsa: Dianchúrsaí Gaeilge 2024
Tuilleadh eolais:
T: +353 91 494600 / +353 91 494606
R: ancheathrurua@ollscoilnagaillimhe.ie
Cá bhfuilimid lonnaithe?
Táimid lonnaithe ar an gCeathrú Rua i gceartlár Ghaeltacht Chonamara. Is ceantar láidir Gaeltachta é an Cheathrú Rua agus bíonn deis ag ár rannpháirtithe gach a bhfuil foghlamtha go foirmiúil acu sa rang a chleachtadh go nádúrtha i suíomh Gaeltachta.
Cé air a bhfuil ár gcúrsaí dírithe?
- Daoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil ach nár chleacht í le tamall fada agus foghlaimeoirí a bhfuil dianstaidéar déanta acu uirthi le roinnt blianta.
- Daoine atá ábalta comhrá a dhéanamh ach ar mian leo cur lena stór focal agus lena n-eolas ar chúrsaí gramadaí.
- Daoine a bhfuil líofacht mhaith acu sa Ghaeilge ach ar mian leo saibhriú a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge labhartha agus leibhéal níos airde cruinnis a bhaint amach.
Cuspóirí an chúrsa
- Léargas a thabhairt do na rannpháirtithe ar éagsúlacht shaol na Gaeilge idir theanga, litríocht, oidhreacht agus chultúr.
- Tuiscint a chothú iontu ar úsáid na Gaeilge idir labhairt agus scríobh.
- Deiseanna a chruthú dóibh le sásamh pearsanta a bhaint as a bheith ag sealbhú, ag saibhriú agus ag buanú a gcuid Gaeilge i gceartlár na Gaeltachta.
An Cur Chuige Teagaisc
Baintear úsáid as an gcur chuige cumarsáideach sna ranganna agus tugtar tús áite do riachtanas teanga na rannpháirtithe. Bíonn an bhéim ar obair bheirte agus ghrúpa, ar rólghníomhaíochtaí agus ar chluichí teanga. Múintear an ghramadach de réir mar a bhíonn sí ag teastáil agus i gcomhthéacs den chuid is mó den am.
Ábhar Ranga
- Straitéisí Comhrá
- Cleachtaí éisteachta/cainte/léitheoireachta/scríbhneoireachta
- Cluichí teanga
- Cora cainte ó na canúintí éagsúla
Imeachtaí seach-churaclaim
- Turais oidhreachta
- Tráth na gCeisteanna Boird
- Damhsa Seite/Céilí
- Siúlóidí Dúlra
- Tóraíochtaí Taisce
- Ceardlanna Amhránaíochta
Eolas Breise
Tá eolas ginearálta faoi na dianchúrsaí seo ar fad le fáil ar an leathanach eolais seo.
Íoslódálacha
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Ateangaireacht Chomhdhála) PDF (163 KB)
-
Teastas Iarchéime (Léann an Aistriúcháin) PDF (182 KB)
-
Réamheolaire Fochéime 2025 PDF (1.8 MB)
-
MA / Dioplóma Iarchéime (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) PDF (198 KB)
-
Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach PDF (218 KB)
-
An Dioplóma sa Ghaeilge PDF (275 KB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Léann Teanga) PDF (181 KB)
-
Teastas Iarchéime Ardscileanna Gaeilge do Mhúinteoirí PDF (185 KB)
-
Dioplóma sa Chultúr Dúchais PDF (216 KB)
-
Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga PDF (205 KB)
-
International Students PDF (154 KB)
-
Ranganna Foirne PDF (296 KB)
-
Aistriúchán Closamhairc (Teastas Iarchéime) PDF (168 KB)